Téamaí - Mé Féin 5

D’fhan mé sa bhaile ón scoil inné. Bhí tinneas cinn orm.

Bhí pian i mo bholg* agam chomh maith.

 

*mo bholg = mo ghoile

Chuaigh mé go dtí an fiaclóir nuair a bhí tinneas fiacaile orm.

 

tinneas fiacaile = déideadh

Is iomaí saghas tinnis a bhíonn ar dhaoine.

 

tinneas cluaise, tinneas boilg, tinneas súl.

Seo duine le plucamas/leicneach.

Bhí an bhruitíneach orm anuraidh.

Bhí an deilgneach ar mo dheartháir is sine an geimhreadh seo caite.

Bhí taom croí ag mo chomharsa an tseachtain seo caite.

Bhí a fear céile croíbhriste.

Chonaic mé clár suimiúil ar an teilifís faoi shláinte an duine.

Tar éis an chláir bhí mé buíoch go raibh mo shláinte agam.

Bhí bean ann le cos phróstatach.

Bhí páisti ann a bhí bodhar.

Chonaic me páistí óga a bhí dall.

Bhí páistí óga eile a bhí balbh.

Bhí trua agam dóibh.

Bhí brón orm.

Bhí cuid den chláir faoi orgáin an choirp.

Labhair siad faoi na scamhóga agus ailse scamhóg. ​

Labhair siad faoin ae, ailse ae agus trasphlandú ae.

Chonaic mé an tAonad Naisiúnta um Thrasphlandí Croí agus Scamhóige.

Déanann dochtúirí agus máinlianna an-obair ann.

 Bhí páisti óga agus déagoiri ann. Bhí cuid acu ag fanacht ar dheontóiri orgán.

Deontóir Orgáin.

Tugadh cuireadh do dhaoine cárta deontóra orgán a iompar.

Bhí daoine ann agus bhí galar duáin orthu.

Chuir se iontas orm faoin méid daoine a bhí ag brath ar fhuil dhaoine eile.

Bhí áthas orm go raibh deontóirí orgán agus deontóirí fola sa tír.

Daoine flaithiúla is ea iad.

Bhí mé buíoch go raibh mo shláinte agam.

Ceisteanna

1. Cén fáth ar fhan an buachaill sa bhaile ón scoil?

2. Cad é an focal ar dhuine nach féidir leis/léi cloisteáil?

3. An raibh tú ag cur fola riamh? Cad a tharla duit?

4. An bhfuil tinneas cinn ort inniu?

5. An mbeidh tú i do dheontóir fola nuair a fhásfaidh tú suas?

6. An raibh an bhruitíneach ort fós?

Scríbhneoireacht

Cinn - deilgneach - ag cur fola - bodhar - dall

1. Bhí tinneas ---- orm.

2. Bhí spotaí ar mo chorp. Bhí ---------- orm.

3. Thit mé agus bhí mo ghlúin -- --- ----

4. Ní raibh sé ábalta cloisteail. Bhí sé ------.

5. Ní raibh radharc na súl aici. Bhí sí ----

Abair nó Scríobh

Abair nó scríobh faoin bpictiúr seo. (Sé abairt)

Meaitseáil

An Múinteoir

Meaitseáil an uimhir agus an litir.

Roghnaigh mír ar chlé agus ansin roghnaigh an freagra ceart ar dheis.
Roghnaigh uimhir
Roghnaigh litir

Féach agus roghnaigh an freagra ceart.

An Múinteoir

Féach agus roghnaigh an freagra ceart.

Léigh an abairt agus roghnaigh an freagra ceart.

Briathra

Ar Maidin

Dúisigh - Éirigh- Nigh - Gléas - Scuab - Siúl

amárach, seo chugainn, anocht, sa todhchaí, amach anseo, i gceann cúpla nóiméad

Dúiseoidh Lorcán go luath maidin amárach.

Éireoidh sé ar a hocht a chlog.

Nífidh sé é féin sa doirteal sa seomra folctha anocht.

Gléasfaidh sé é féin sa seomra leapa maidin amárach.

Scuabfaidh sé a chuid fiacla le taos fiacla agus scuab fiacla anocht.

Siúlfaidh sé go dtí an chistin agus íosfaidh sé bricfeasta.

An Múinteoir

Roghnaigh an briathar ceart

Léigh an abairt agus roghnaigh an briathar ceart.
Dúisigh Éirigh Nigh Gléas Scuab Siúl

Tráthnóna

Rothaigh - Déan - Ith - Ól - Féach - Léigh

An rothóidh Anna abhaile tar éis am lóin amárach?

Ní rothóidh Anna abhaile tar éis am lóin amárach.

Rothóidh Anna abhaile tar éis scoile amárach.

An ndéanfaidh sí a hobair bhaile sa gharáiste tráthnóna?

Ní dhéanfaidh sí a hobair bhaile sa gharáiste tráthnóna.

Déanfaidh sí a hobair bhaile sa seomra suí tráthnóna.

An íosfaidh sí dinnéar blasta ar a naoi a chlog?

Ní íosfaidh sí dinnéar blasta ar a naoi a chlog.

Íosfaidh sí dinnéar blasta ar a sé a chlog.

An ólfaidh sí sú oráiste anois?

Ní ólfaidh sí sú oráiste anois.

Ólfaidh sí sú oráiste níos déanaí.

An bhféachfaidh sí ar chlár teilifíse roimh an dinnéar?

Ní fhéachfaidh sí ar chlár teilifíse roimh an dinnéar.

Féachfaidh sí ar chlár teilifíse tar éis an dinnéir.

An léifidh sí leabhar staire anocht?

Ní léifidh sí leabhar staire anocht.

Léifidh sí leabhar greannmhar anocht.

An Múinteoir

Roghnaigh an briathar ceart

Léigh an abairt agus roghnaigh an briathar ceart.
Rothaigh Déan Ith Ól Féach Léigh

Oíche

Téigh - Bain de - Cuir - Léim - Tit - Codail

An rachaidh sé chuig a seomra leapa i gceann cúpla nóiméad?

Ní rachaidh sé chuig a seomra leapa i gceann cúpla nóiméad.

Rachaidh sé chuig a seomra leapa níos déanaí.

An mbainfidh sé de a chuid éadaí roimh an dinnéar?

Ní bhainfidh sé de a chuid éadaí de roimh an dinnéar.

Bainfidh sé de a chuid éadaí roimh am luí.

An gcuirfidh sé pitseámaí gorma air anois?

Ní chuirfidh sé pitseámaí gorma air anois.

Cuirfidh sé pitseámaí gorma air ag am luí anocht.

An léimfidh sé isteach sa leaba bhog i gceann cúpla nóiméad?

Ní léimfidh sé isteach sa leaba bhog i gceann cúpla nóiméad.

Léimfidh sé isteach sa leaba bhog anocht.

An dtitfidh sé ina chodladh tar éis leabhar greannmhar a léamh anocht?

Ní thitfidh sé ina chodladh tar éis leabhar greannmhar a léamh anocht.

Titidh sé ina chodladh tar éis leabhar greannmhar a léamh oíche amárach.

An gcodlóidh sé go sámh ina leaba bhog tráthnóna amárach?

Ní chodlóidh sé go sámh ina leaba bhog tráthnóna amárach.

Codlóidh sé go sámh i rith na hoíche ina leaba bhog.

An Múinteoir

Roghnaigh an briathar ceart

Léigh an abairt agus roghnaigh an briathar ceart.
Téigh Bain de Cuir Léim Tit Codail

Sceitsí

Físeáin

Cúige

Connacht

4 Videos

Ulaidh

4 Videos

Mumhan

4 Videos

Cluichí

An Múinteoir

Dúshlán Mór na mBriathra

Roghnaigh an briathar ceart chun an abairt a chríochnú.
Ceist 1 as 12
Scór: 0 / 12
An Múinteoir

Cuir na focail san ord ceart.

D’abairt:
Roghnaigh na focail:
🎈

Pléasc na Balúin

Léigh an cheist agus pléasc an balún leis an bhfreagra ceart.

60
0
❤️❤️❤️
1 / 6
😊

🎮 Ar mhaith leat níos mó cluichí a imirt?

Bain triail as tuilleadh cluichí Gaeilge ar leathanach na gCluichí.

Cluiche Idirghníomhach