Bígí ag Bogadh agus ag Foghlaim le Sos-Bogadh!
Tabhair fuinneamh nua isteach sa seomra ranga le Sos Bogadh — físeáin ghearra, spraíúla gluaiseachta agus sosanna inchinne a spreagann na daltaí le seasamh suas, bogadh agus taitneamh a bhaint as an nGaeilge.
Tá na físeáin lán de ghluaiseacht, ceol agus íomhánna geala, agus is bealach iontach iad le sos gníomhach a chur isteach sa lá scoile. Is furasta iad a úsáid idir cheachtanna nó aon uair a bhíonn sos beag gluaiseachta de dhíth ar an rang.
Agus na daltaí ag bogadh, leanann an fhoghlaim ar aghaidh! Bíonn focail agus frásaí Gaeilge le feiceáil ar an scáileán, rud a thugann deis do na daltaí léamh, stór focal a aithint agus an teanga a cheangal leis na gluaiseachtaí atá ar siúl acu.
Cuireann Sos Bogadh gluaiseacht, spraoi agus foghlaim na Gaeilge le chéile ar bhealach simplí agus taitneamhach — ag tabhairt deis do dhaltaí fuinneamh a scaoileadh, sos a ghlacadh agus leanúint orthu ag foghlaim trí Ghaeilge.
Brúigh Seinn, déan beagán spáis agus bígí ag bogadh agus ag foghlaim le Sos Bogadh!
Get Moving and Learning with Sos Bogadh!
Bring a burst of energy to your classroom with Sos Bogadh—short, lively movement and brain break videos that get pupils up, moving and having fun through Irish.
Packed with fun exercises and bright, vibrant visuals, these videos make physical activity an enjoyable part of the school day. They’re easy to fit between lessons or whenever your class needs a movement break.
The learning keeps going as pupils move! Irish words displayed on screen give pupils opportunities to read, recognise vocabulary and connect language with actions. It’s an active, playful way to practise Irish together.
Sos Bogadh combines healthy movement, classroom fun and language learning in one simple activity—giving pupils a chance to stretch, move and recharge while keeping Irish part of their day.
Press play, make some space and let your class move and learn with Sos Bogadh!
